€9,421.21 bailithe ag muintir Loideáin i gcuimhne ar Mhuiréad Ní Loideáin agus ar mhaithe le hOspís na Gaillimhe

Muintir ó Loideáin 003 (Copy)Bhronn muintir Loideáin seic €9,421.21 ar Ospís na Gaillimhe le deireanas.  De thoradh siúlóid ar Shlí an Iarthair a bhí ar bun Dé Sathairn, an 21 Meitheamh 2014 a bailíodh an t-airgead.  Shiúil thart faoi leathchéad de na Loideánaigh i gcuimhne ar Mhuiréad Ní Loideáin, agus shocraigh siad leas a bhaint as an ócáid chun airgead a bhailiú ar son Ospís na Gaillimhe.

Tháinig seisear de mhuintir Loideáin go hOspís na Gaillimhe le deireanas agus bhronn siad an t-airgead a bailíodh ar an Ospís.  I láthair nuair a bronnadh an seic bhí (ó chlé go deas): Aisling Ní Churraoin, Joanne Tierney (Ospís na Gaillimhe), Máirtín Ó Loideáin, Cormac Ó Loideáin, Mary Uí Loideáin, Sharon Ní Loideáin agus Étaín Ní Loideáin.  Tá muid faoi chomaoin ag chuile dhuine a d’eagraigh agus a ghlac páirt sa tsiúlóid iontach seo; is mór againn an tacaíocht atá tugtha agaibh d’Ospís na Gaillimhe.

Chuile bhliain, bíonn ar Ospís na Gaillimhe €1.6 milliún a bhailiú le gur féidir linn seirbhísí riachtanacha Cúram Baile, Cúram Lae agus Tacaíocht Méala a chur ar fáil.  Cé gurb é an Stát is mó a sheasann costas reatha an Aonaid d’Othair Chónaitheacha in Ospís na Gaillimhe, ní fhaigheann an Ospís aon chúnamh airgid ón Stát i gcomhair na seirbhísí Cúram Baile, Cúram Lae ná Tacaíocht Méala.  Tá an-tábhacht go deo le síntiúis dheonacha ón bpobal, fearacht an méid a bailíodh de bharr shiúlóid mhuintir Loideáin i gcuimhne ar Mhuiréad Ní Loideáin, agus tá muid thar a bheith buíoch as an gcúnamh sin.

Share the news

Facebook
Twitter
LinkedIn

Related News

News

Galway Hospice Honours Rita Molloy as 2026 Hospice Hero

Galway Hospice is delighted to recognise Rita Molloy as its 2026 Hospice Hero in honour of more than 30 years…

News

New research highlights importance of trust and support for palliative care nurses

Study involving Galway and Mayo Hospices explores how psychological safety and reflective support impact staff wellbeing and patient care  …

Featured

Celebrating the Heart of Hospice Care During National Volunteering Week

Galway Hospice Foundation proudly celebrated National Volunteering Week by recognising the extraordinary contribution of the 158 volunteers who support hospice…