Bhronn muintir Loideáin seic €9,421.21 ar Ospís na Gaillimhe le deireanas. De thoradh siúlóid ar Shlí an Iarthair a bhí ar bun Dé Sathairn, an 21 Meitheamh 2014 a bailíodh an t-airgead. Shiúil thart faoi leathchéad de na Loideánaigh i gcuimhne ar Mhuiréad Ní Loideáin, agus shocraigh siad leas a bhaint as an ócáid chun airgead a bhailiú ar son Ospís na Gaillimhe.
Tháinig seisear de mhuintir Loideáin go hOspís na Gaillimhe le deireanas agus bhronn siad an t-airgead a bailíodh ar an Ospís. I láthair nuair a bronnadh an seic bhí (ó chlé go deas): Aisling Ní Churraoin, Joanne Tierney (Ospís na Gaillimhe), Máirtín Ó Loideáin, Cormac Ó Loideáin, Mary Uí Loideáin, Sharon Ní Loideáin agus Étaín Ní Loideáin. Tá muid faoi chomaoin ag chuile dhuine a d’eagraigh agus a ghlac páirt sa tsiúlóid iontach seo; is mór againn an tacaíocht atá tugtha agaibh d’Ospís na Gaillimhe.
Chuile bhliain, bíonn ar Ospís na Gaillimhe €1.6 milliún a bhailiú le gur féidir linn seirbhísí riachtanacha Cúram Baile, Cúram Lae agus Tacaíocht Méala a chur ar fáil. Cé gurb é an Stát is mó a sheasann costas reatha an Aonaid d’Othair Chónaitheacha in Ospís na Gaillimhe, ní fhaigheann an Ospís aon chúnamh airgid ón Stát i gcomhair na seirbhísí Cúram Baile, Cúram Lae ná Tacaíocht Méala. Tá an-tábhacht go deo le síntiúis dheonacha ón bpobal, fearacht an méid a bailíodh de bharr shiúlóid mhuintir Loideáin i gcuimhne ar Mhuiréad Ní Loideáin, agus tá muid thar a bheith buíoch as an gcúnamh sin.