Cláraigh inniu do Shiúlóid Chuimhneacháin na Gaillimhe

Glac páirt i Siúlóid Chuimhneacháin na Gaillimhe Dé Domhnaigh, an 10 Meán Fómhair. Gach bliain, siúlann na céadta Promanád Bhóthar na Trá le chéile i gcuimhne a ndaoine muinteartha.

 

Cuirfear tús leis an tsiúlóid 6.5km ag a 12 meán lae ag fágáil Halla an Chladaigh agus ag dul siar go dtí an Charraig Dhubh agus ar ais.  Caitheann go leor a ghlacann páirt t-léinte le hainmneacha a ndaoine muinteartha scríofa orthu.

 

Tá Ospís na Gaillimhe tiomanta chun níos mó Gaeilge a úsáid agus dá thoradh sin, beidh t-léinte pearsanta ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá rogha agat idir ‘I’m walking in memory of…’ nó ‘Tá mé ag siúl i gcuimhne ar…’.  Is é an spriocdháta le haghaidh t-léinte pearsanta ná 25 Lúnasa.

 

“Ócáid speisialta a bhíonn i Siúlóid Chuimhneacháin na Gaillimhe gach bliain,” arsa Mary Nash, Príomhfheidhmeannach Ospís na Gaillimhe. “Tá muid fíorbhuíoch de gach duine a thacaíonn lenár gcuid seirbhísí rud a chuireann ar ár gcumas an cúram is fearr a sholáthar dóibh siúd a dteastaíonn sé uatha.  Ní bheadh Ospís na Gaillimhe in ann an méid a dhéanann muid a dhéanamh gan tacaíocht ár bpobal áitiúil. Ba bhreá linn sibh a bheith in éineacht linn agus muid ag cruinniú le chéile ag an gCladach ar an 10 Meán Fómhair.”

 

Cuidíonn imeachtaí bailithe airgid cosúil le Siúlóid Chuimhneacháin na Gaillimhe le hOspís na Gaillimhe aire a thabhairt d’othair agus dá muintir.  Tá an t-éileamh  a bhíonn ar sheirbhísí ospíse ag méadú i gcónaí, chomh maith leis an éileamh a bhíonn ar Chúram Maolaitheach Pobail, a thacaíonn le hothair sa bhaile agus sa phobal, gach lá den bhliain.  Anuraidh, thug altraí ón bhFoireann Chúram Maolaitheach Pobail aire do 971 othar ar fud Chontae na Gaillimhe.

 

Cláraigh inniu do Shiúlóid Chuimhneacháin na Gaillimhe ar www.galwayhospice.ie/walk nó cuir glaoch ar Oifig Bailithe Airgid Ospís na Gaillimhe ag an uimhir 091-770868.

Share the news

Facebook
Twitter
LinkedIn

Related News

Hospice Stories

Living With MND: Helen’s Story

Helen Brennan carries a writing pad with her everywhere. It has become her voice — her way of staying connected…

Featured

Tree of Lights Ceremony Brings Galway Community Together

“As we begin our Tree of Lights Ceremony, we light this lantern. It is a beacon of light and hope…

Featured

Galway Hospice Launches Green Committee and Saves 53 Tonnes of Carbon

Galway Hospice Foundation has reduced its carbon emissions by 53 tonnes through a series of energy efficiency and sustainability initiatives…